Clárú a Foilsiú

Print page icon Priontáil

Nuair a chláraítear dearadh, nó nuair atá tréimhse cur siar an fhoilsithe thart, seachas an Clár a chur ar oscailt don phobal, cuireann an Ceannasaí na sonraí atá thíos in Iris Oifig na bPaitinní (a fhoilsítear gach coicís) chomh maith.

  • Uimhir chláraithe an dearaidh
  • Ainm agus seoladh an tsealbhóra chláraithe
  • An seoladh le haghaidh seirbhís
  • Dáta an chláraithe
  • Samhail an dearaidh
  • Cur síos  gairid ar an dearadh
  • Más oiriúnach, an dáta tosaíochta  agus ainm an stáit/tír/críoch nó ceantar bainteach leis chomh maith le uimhir an chomhaid
  • An rang nó na rangannaí/fo-rangannaí agus ráiteas ar an táirge nó táirgí ar a mbeidh feidhm ag an dearadh

Iris Oifig na bPaitinní ar fáil saor ar-líne, nó is féidir cóipeanna a cheannacht díreach ón Oifig

Cur siar Foilsiú an Dearaidh

Más mian leis an sealbhóir is féidir foilsiú clárú an Dearaidh don phobal a chur siar 30 Mí ó dháta tús an chomhaid nó dáta na tosaíochta a fhaid is a íochann sé an táille cuí.  

Sa chás sin ní  chuirfidh an Ceannasaí an dearadh ar fáil don phobail go dtí deireadh na tréimhse cur siar ach amháin ar éileamh ón an sealbhóir an cur siar a chur as feidhm.