Dearadh Cláraithe Pobail
Thosaigh an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna
agus Dearaí) (OCMI)
ag glacadh le hiarratais ar Dhearaí Cláraithe
Pobail ar an 1 Eanáir 2003. Measadh dáta comhdúcháin den 1
Aibreán 2003 a bheith acu, nuair a tháinig Dearadh Pobail i bhfeidhm.
Tugann dearadh pobail cláraithe clárú amháin don úinéir, atá bailí i
ngach ceann de 25 tír an Aontais Eorpaigh.
Is féidir leis an iarratasóir ar Dhearadh Cláraithe Pobail (DCP)
iarratas a chur díreach chuig an OCMI nó an t-iarratas a chur tríd
Oifig na bPaitinní in Éirinn in éineacht le táille láimhseála de
€25. Má dhéantar iarratas ar DCP tríd Oifig na bPaitinní in
Éirinn, tabharfaidh an Oifig admháil go bhfuarthas an t-iarratas agus
cuirfear ar aghaidh láithreach é chuig an OCMI. Is é a dháta
comhdúcháin an dáta ar a bhfaightear san Oifig seo é. Lasmuigh den
táille láimseála, is gá gach táille eile chomh maith leis an táille
comhdúcháin a íoc díreach leis an OCMI.
Is féidir na sonraí go léir a bhaineann le Córas Clárúcháin um Dhearadh
Pobail, chomh maith le foirmeacha iarratais agus nótaí maidir lena
gcomhlánú, mar aon le táillí agus modhanna íocaíochta a fháil ó shuíomh
gréasáin an
OCMI
.
Déantar Dearadh Cláraithe Pobail a chosaint ar feadh tréimhse cúig
bliana. Is féidir athnuachan a dhéanamh orthu ceithre huaire rud a
thugann fad saoil 25 bliana cosanta dóibh ar a mhéid.
Dearaí Neamhchláraithe
Tar éis gur cuireadh i bhfeidhm Rialachán na ndearaí Pobail ar an 12
Nollaig 2001, tá cosaint ar dhearaí neamhchláraithe Pobail ar fáil do
dhearaí nua a cruthaíodh tar éis an 6ú Márta 2002.
Thug an rialachán cosaint isteach ar a dtugrar “Dearadh Neamhchláraithe
Pobail” ar cheart é a thagann i gceist go huathrialach nuair nach
ndéantar ach na táirgí a dhéanamh ag ionchorprú dearaí atá ar fáil don
phobal (.i. má foilsíodh an dearadh, nó má taispeáineadh é, nó má
úsáideadh é i dtrádáil nó má nochtadh é ar aon bhealach ina bhféadfadh
na teagmhais seo é a chur in iúl go réasúnta do na coircail a dhéanann
speisialú san earnáil atá i gceist) laistigh den gComhphobal.
Tá teorainn trí bliana leis an gceart agus cuireann sé cosc ar úsáid
chóipeanna de bhundearaí. Is eilimint ríthábhachtach den chosaint do
thionscail mar thionscal an éadaigh agus tionscal na mbróg é ceart an
dearaidh neamhchláraithe. Is féidir, mar shampla, cosaint a
dhéanamh ar thionscal an fhaisin, a dhéanann athnuachan ar a
mbailiúchán gach séasúr, ar ghóchumadh agus ar chóipeanna eile sáraithe
in éagmais na foirmeáltachta nó na costais a bhaineann lena ndearadh in
iomláine an Aontais Eorpaigh.