Cúrsa an iarratas

Print page icon Priontáil

Is é an Dáta-tús-Comhaid ar iarratas ná an dáta ina íochann an t-iarrthóir an táille iarratais chomh maith leis na caipéisí seo thíos a chur ar an fhoirm cheart.

  • Iarratas ar chláru dearaidh nó dearaí
  • Samhail den dearadh/na dearaí gur féidir cóipeáil a dhéanamh air/orthu, agus
  • Ainm agus seoladh an iarrthóra

Nuair a thagann na rudaí thuas isteach go dtí an Oifig seoltar adhmáil i dtaobh an táille go dtí an t-iarrthóir (i gcoitinne taobh istigh de 2 lá ).

Ansin cuirtear dáta-tús-comhaid agus uimhir leis an iarratas agus seoltar admháil chomhaid go dtí an t-iarrthóir taobh istigh de 7 lá.

Más iarratas ilchodach atá ann cuirtear uimhir iarratais faoi leith le gach ceann acu agus, ar an nós céanna, má chláraítear iad  sa deireadh cuirfear uimhir chláraithe faoi leith ar gach ceann díobh.

Téann an t-iarratas go dtí scrúdaitheoir chun féachaint an bhfuil sé fónta ó thaobh na riachtainisí foirmiúlta de. Má bhíonn faidhb cuirfear scéala go dtí an t-iarrthóir agus beidh tráth aige chun freagra a chur isteach.

Má éiríonn leis an iarratas dul tríd an chóras scrúdaithe cláraítear é agus seoltar teastas cláraithe go dtí an sealbhóir.  Cuirfear an t-eolas faoin chlárú chomh maith le samhail den dearadh san Iris (bíodh gur féidir moill a chur ar seo más mian leis an sealbhóir).   I gcás clárú dearaidh ilchodach i gcoitinne is é an chéad tsamhail a chuirtear san Iris ach is féidir ceann eile a chur ina ionad más áil leis an sealbhóir.

Iris Oifig na bPaitinní ar fáil ar-líne saor in aisce nó is féidir cóipeanna a cheannacht ón Oifig féin.

I ndiaidh cláraithe maireann an chosaint ar feadh 5 bliana ar dtús agus is féidir suas go dtí 4 shíneadh de 5 bliana an ceann ach a fháil ach an táille cuí a íoch.  Is é 25 bliana uasteorainn chosanta an dearaidh chláraithe.