Níl cead ach ag an sealbhóir féin iarratas a chur isteach le haghaid dearadh a chárú. Is féidir gurab é an sealbhóir údar an dearaidh nó fostóir an duine a chruthaigh é mar chuid dá chuid oibre ( faoi réir aon chonradh nó socrú a bhéadh contráilte le sin).
Ba chóir iarratas chun a chlárú a dhéanamh roimh nochtú an dearaidh don phobal. Ba chóir an fhoirm iarratais a líonadh agus é a chur go dtí an Oifig agus an táille chuí lena chois.
Glacfaidh Oifig na bPaitinní le hiarratas ar dearadh tríd an faics 00353.56.7720179 nó (Lo-call) 1890 220120. Má fhaightear an t-iarratas le linn uaireanta oibre go dtí 5 pm gheobhfaidh sé dáta comhaid an lae sin (a fhad is a bhfuil na bunriachtanaisí in órd) ach, má bhíonn sé i ndiaidh 5 pm is é an lá dar gcionn a bhéas mar dháta comhaid air. Más íomha atá sa dearadh glacfar gur íomhá dubh agus bán, mar a bhfuil sé sa faics, atá san iarratas.
Má bhíonn an t-iarrthóir ag iarraidh cóip daite a mhalartú níos moille ar an cheann dubh agus bán a bhí faicseáilte go dtí an Oifig beidh air/uirthi é seo a iarraidh go foirmiúlta agus an táille chuí €12.00 a íoch.