Rangú idirnáisiúnta le haghaidh Dearaí Tionscail
Tá an Comhshocrú Locarno, a fheidhmíonn faoi scáth an Eagrais Domhanda um Maoin Intleachúil (WIPO), bainteach le rangú táirgí a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta orthu. Réitíonn sé an cosán le haghaidh clárú na ndearaí.
Tá Éire ina ball de Aontas Nice agus cuireann an Oifig seo an rangú idirnáisiúnta i bhfeidhm i dtaobh clárú na ndearaí.
Faoin Rangú Locarno tá na táirgí roinnte in aicmí éagsúla ina bhfuil gaol idir na táirgí i ngach ceann faoi leith acu. Mar sin is féidir leas a bhaint as táirge chun cuardach a dhéanamh ar dearaí sa stóras sonraí. Deintear leasú ar an chóras rangaithe go rialta chun é a choinneáil suas chun dáta le hathruithe agus feabhasaithe i gcleachtaidh thrádála.