Is téarma dlíthiúil é Cóipcheart, a leagan síos cearta a tugtar do údair/cruthaítheoirí saothair áirithe. Bíonn cosaint cóipchirt ar na saothair seo thíos:-
- Bunshaothair litríochta, dramaíochta, ceoil nó ealaíona
- Taifeadtaí fuaime, scannáin
- Craobhscaoilte, cláracha cábla
- Leagan amach clóghrafach ar eagráin fhoilsithe
- Bunstór sonraí ríomhaireachta
Is é an t-údar, sé sin and té a chruthaíonn an saothar, sealbhóir an chóipchirt. Mar shampla is leis an ghrianghraifeadóir an cóipcheart ar an ghrianghraif. Mar sin fhéin, ós rud gur cineál maoine atá sa chóipcheart, is féidir an ceart a aistriú go dtí duine eile, mar shampla chuig foilsíthóir.
I réimse na fostaíochta, mura bhfuil socrú contráilte ann, is leis an fostóir an cóipchert ar aon tsaothar a chruthaíonn fostaí ag an obair.
Is ceart maoine é an cóipcheart agus tá smacht ag a shealbhóir ar úsáid an tsaothair faoi réir éisceachtaí áirithe. Tá ceart iomlán ag an sealbhóir toirmeasc a chur nó cead a thabhairt ar iad seo a leanas:-
- Cóipeáil an tsaothair
- Déanamh an tsaothair
- An saothar a chur ar fáil don phobal ar chraobhscaoileadh nó taifeadtaí
- Athchóiriú ar an saothar
Téann an cóipcheart i bhfeidhm a luaithe is a cuirtear an saothar ar pár, scannán nó ar mheán buan eile m.sh CD-ROM, DVD, Idirlíon. Níl aon chosaint ar smaointí a fhad is a bhfuil siad fós ag guairneáil i meabhar duine; Ní ar na smaointí fhéin atá an chosaint, ach is ar riocht a nochtaithe a bhfuil cosaint dlí an chóipchirt.