Tá sé tábhachtach léiriú go bhfuil cóipcheart ar shaothar. Ba chór taispeáint cé hé sealbhóir an chóipchirt agus an data ar cruthaíodh é. Glactar leis an siombal © go hidirnáisiúnta mar chomhartha go bhfuil cosaint chóipchirt ar an saothar.
Sampla
© Cóipcheart Sean Smith 2004
Bíonn na fógraí cóipchirt sna leabhair fhoilsithe níos leithne ina choimsiú ná an sampla gonta atá luaite thuas. Ní bhronnann fógra cóipchirt aon chruthú dlithiúil ó thaobh úinéireachta dhe ach, tugann sé le fios go bhfuil éileamh ar a leithéad, rud a rachfadh chun leasa duine a bhéadh ag iarraidh an t-éileamh a chosaint nó sárú a chosc.
I gcoitinne bíonn ar dhuine cead a lorg le haghaidh ábhair cóipchirt a úsáid. Bíonn sonraí le feiceáil ar an saothar de ghnáth chun cuidiú dul i dteagbháil leis an údar chun cead a úsáide faoi scáth réime an chóipchirt a iarraidh.