Cearta gaolmhar le Cóipcheart

Print page icon Priontáil

Seachas na cearta atá ag údar an tsaothair d’fhéadfadh cinn eile bheith i bhfeidhm fosta.  Mar shampla, tá  cearta áirithe ag comhlacht  ceirnín ar thaifeadán fuaime ar
amhránaíocht agus bhéadh cearta  ag údar an  amhráin  agus ag cumadóir an cheoil chomh maith.  Ar an chuma  chéanna bhéadh cearta ag oirfidigh ar a saothar.  Bronnann an reachtaíocht cearta moráltachta chomh maith  mar shampla an ceart bheith aitheanta mar údar saothair faoi leith agus an ceart cur in aghaidh milleadh an  tsaothair  sin. 

Deileáileann an tAcht um Chóipcheart agus Cearta Bainteach leis, 2000 (uimh. 28 de 2000) go mion le fad ama cóipchirt in Éireann.