Níl aon mhodh cláruithe in Éireann ina dtig leis an údar coipcheart a fháil ar a shaothar.
Go bunúsach, is é cruthú an tsaothair féin a chruthaíonn an cóipcheart.
Tá cosaint dlí ar chóipcheart agus is féidir dul chun na cúirte in aghaidh sarú an chirt sin. Tá cur síos sa reachtaíocht ar choireanna ar a dtiocfadh le freagracht cathartha nó fiú ciontú coirpeach bheith curtha in aghaidh lucht sáruithe an chóipchirt. Ba chóir do shealbhóirí cóipchirt comhairle phroifisiúnta a lorg i dtaobh na roghanna a bhéadh rompu i gcás sárú ar a saothar.
Tá sé rí-thábhachtach go dtiocfadh le údar cruthú caithin ar cruthaíodh an saothar agus an cóipcheart a thánaigh uaidh, mar bhéadh séancs go mbéadh air an cóipcheart a chosaint in aghaidh sáruithe am éigin sa todhchaí. Tá dhá bhealach ina dtig leis é seo a dhéanamh. Cóip den saothar a fhágáil le hionadaí aitheanta (banc nó dlíodóir) sa dóigh gur féidir cuntas nó nótáil a choineáil ar an am agus an data ar cuireadh ann é. Cóip den saothar a sheoladh chugat fhéin ar phost cláraithe (ar a bhfuil stampa and data inléite ar an gclúdach) agus an deimhniú poist a choinneáil chomh maith leis an litir fhéin gan oscailt, ionas go mbéadh cruthú agat ar an am agus an dáta ina riabh an saothar déanta agat.