De réir na reachtaíochta caithfidh daoine a sheinneann taifeadáin fuaime go poiblí, nó a chuireann iad i gcraobhscaoileadh no i seirbhís clár cábla íochaíocht a dhéanamh ina dtaobh do gach eagras ceadúnais bainteach leis an ábhar agus cloí le coinníolacha na reachtaíochta.
Mura dtig le duine, a bhfuil ar intinn aige taifeadán fuaime a sheinm go poiblí, nó é a chur i gcraobhscaoileadh nó i seirbhís clár cábla, teacht ar chomhréiteach leis an eagras ceadúnais i dtaobh na híochaíochta ar a leithéad, is féidir an cás a chur go dtí an Ceannasaí chun réiteach a dhéanamh air. I gcásanna mar seo caithfidh sé cur in úil don Eagras agus don Cheannasaí go bhfuil sé chun íochaíocht, a mheasann sé bheith réasúnta, a chur go dtí an t-Eagras agus beart a dhéanamh de réir a bhriathar.
Tá an modh deighleáil le aighnisí den sort sin leagtha síos sna Rialacha ar Chóipcheart agus Cearta Bainteach leo (Cásanna os comhair an Cheannasaí), 2009 ( S.I. 20 de 2009). Moltar féachaint ar na Rialacha roimh cás a chur go dtí an Ceannasaí, go háirithe Riail 4 ina bhfuil cur síos ar shonraí a bhéadh riachtanach ina leithéad de chás.
(a) Ainm agus seoladh an achainígh
(b) Ainm agus seoladh an fhreagróra
(c) Bunleagan agus cóip amháin de ráiteas in a bhfuil trácht ar :-
- An mhír den Acht ar a bhfuil an achainí dírithe
- Na fíricí ar a bhfuil an t-achainíoch ag cur a cháis
- An cúiteamh atá uaidh/uaithi
(d) Bunleagan agus cóip amháin de gach cáipéis luaite i sceidil 2 des na Rialacha i gcomhréir an cháis.
(e) An táille €500 iníochta le Ceannasaí na bPaitinní, Dearaí agus Trádmharcanna
Mura bhfuil na rudaí thuas curtha faoina bhráid ní ghlacfaidh an Ceannasaí go bhfuil aon chás curtha chuige.