Spreagann cosaint chóipchirt borradh ar shaothar intleachtúil. Gan a leithéad, bhéadh sé éasca do dhaoine eile saothar a úsáid gan aon dleachta cumadóra a íoch le húdar an tsaothair. Sa dóigh sin gríosaíonn sé lucht fiontraíochta agus cothaíonn sé fuadar sa gheilleagar.
Bronnann an chosaint cóipchirt sochair i bhfoirm cearta eacnamaíochta a thugann smacht agus éiric airgid, don údar ar úsáid a shaothair litríochta agus ealaíona i neart slite mar shampla cóipeáil, léiriú poiblí, craobhscaoileadh, taispeáint ar-líne srl.
Ar an dóigh sin baineann na húdair tairbhe as a gcruthaíocht agus a nineistíocht
Tugann cóipcheart cearta morálacha fosta mar shampla ‘Ceart Aitheantais mar údar an tsaothair’, Ceart um Iomláine (ceart cosc ar scrios, camchasadh nó athrú fealltach ar an saothar) agus Ceart in Aghaidh Cur i Leith Fealltach (sé sin an ceart gan ainm údair bheith curtha go fealltach ar shaothar nach ndearna sé/sí ar chor ar bith). Tá níos mó faoi seo i gCaibidil 7 den Acht faoi Cearta Cóipchirt agus Cearta eile bainteach leo, 2000 (uimh. 28 de 2000)