Eagraíonn Oifig na bPaitinní comórtas ‘An Cumadóir Óg, 2011’ chun aitheantas a thabhart ar Lá Domhanda Mhaoin Intleachtúil. Tá an comórtas dírithe ar pháistí bunscoile le haghaidh a gcumadóireacht agus a gcruthaíocht a spreagadh, sa dóchas, agus iad fós óg, go mbéadh tarraing orthu amuigh anseo ar chosán na heolaíochta agus na hinnealtóireachta.
Is féidir iarratas a chur isteach le haghaidh aon idé nó aireagán ar tháirge nua nó ar phróiséis, nó leasú ar tháirge nó próiséis atá ann cheana féin, nó a réitíonn faibhb nó a dheineann leasú ar an saol.
Riallacha Ginearálta
- Caithfear líníocht nó léaráid ar an aireagán agus tuairisc scríofa a chur ar fáil
- Deinfear an meastúchán ar (a) chruthaíocht, éagoitinneacht agus infheidhmeacht an aireagáin, (b) soiléireacht na líníochta nó na léaraide chomh maith le (c) caighdeán na tuairisce scríofa.
- Caithfidh gur bunshaothar an iarrthóra amháin atá san iarratas.
- Is ar phriacail an iarrthóra a cuirtear iarrataisí isteach sa chomórtas agus níl Oifig na bPaitinní freagrach as aon chailleadh nó damaiste orthu.
- Ní thig leis an Oifig iarrataisí a chur ar ais.
- Trí páirt a ghlacadh sa Chomórtas tá iarrthóirí i ndiaidh cóipcheart ar an ábhar a shannadh chuig Oifig na bPaitinní. Coinníonn an Oifig an ceart macasamhail a dhéanamh i gcruth ar bith ar aon iarratas faighte ach cuirfear eolas ar an iarrthóir má dhéantar a leithéid.
- Níl cead ag páistí nó gaolta foireann Oifig na bPaitinní dul isteach sa chomórtas.
- Cuirfidh Oifig na bPaitinní grúpa ar bun chun an mheastóireacht a dhéanamh.
- Ní ghlacfar le h-aon achomharc ar bhreith an meastóirí.
- Ní ghlacfar le hiarrataisí i ndiaidh 5 p.m. ar an 15ú Aibreán agus ní ghlacfar ach an oiread le hiarrataisí mura bhfuil siad ar pháipéar de mhéid A4 amháin.
- Caithfear ainm iomlán an iarrthóra, blian an ranga in a bhfuil sé/sí agus sonraí na scoile (seoladh agus uimhir ghutháin).
- Tá an comórtas oscailte roimh páistí bunscoile ó rang 1 go dtí Rang 6 a bhfuil cónaí orthu in Éireann.
Riallacha i dtaobh iarrthóirí agus iarrataisí
- Glacfar le hiarrataisí of dháltaí aonaracha nó grúpaí i ranganna sa dá aicme seo a leanas:-
Aicme A - An Chéad Rang go dtí an Triú Rang
Aicme B- An Ceathrú Rang go dtí an Séú Rang - Ní ghlacfar ach iarratas amháin ó gach dálta nó grúpa
- Bronnfar duaiseanna ar an 1ú, 2ú agus 3ú áit i ngach aicme agus bainfidh an buathóir iomlán duais le haghaidh a scoile.
- Caithfear líníocht nó léaráidí a chur ar pháipéar A4 ( litir 8 1/2 X 11”) le crián, pinn luaidhe daite, uiscedhathanna srl. Is féidir aon stíl ar mhian leat a úsáid.
- Níl cead fráma a chur ar an líníocht, léaráid
- Ní ghlacfar le líníocht nó learáid ar bith a bhí curtha isteach cheana ar aon chomórtas eile
- Ní ghlacfar le haon iarratas a bhfuil ainm branda ar bith air
8 Bíodh tuairisc an aireagáin ar leathannach faoi leith agus ná bíodh sí níos fuide ná 300 focal. - Ní chóir ach taobh amháin den leathannach a úsaid sa dóigh is gur féidir é a thaispeáint má bhíonn call air.
Ní ghlacfaidh Oifig na bPaitinní aon iarratas sa Chomórtas mar iarratas ar Phaitinn.
Má tá iarrthóir ag iarraidh paitinne ar a aireagán ba chóir dó iarratas faoi leith a dhéanamh ar dheonadh paitinne ar fhoirm uimh. 1 Tá sonraí ar é seo ar www.patentsoffice.ie
Ba chóir é a lua ar an iarratas le haghaidh an chomórtais seo má tá an t-iarrthóir i ndiaidh iarratas a chur ar phaitinn le haghaidh an aireagáin chéanna.