Tá an t-Aonad Maoin Intleachtúil (AMI) sa Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta
freagrach as cúrsaí áirithe reachtacha agus polasaíochta bainteach le maoin intleachtúil.
Bíonn lámh ag Oifig na bPaitinní i ndréachtadh cuid den reachtaíocht agus i gcruthú/gcur i bhfeidhm polasaí bainteach le forbairt córas cosanta ar mhaoin intleachtúil.
I Mí na Samhna 2009, cuireadh freagracht ar fheidhmiú an AMI ar Cheannasaí na bPaitinní, Dearthaí agus Trádmharcanna, ceangal a raibh de thoradh aige comhréir níos éifeachtúla a chothú idir na raonta feidhmiú agus polasaí agus uaidh sin thánaigh feabhas ar sheirbhísí maoin intleachtúil sa Stáit.