Maoin intleachtúil

Print page icon Priontáil

Sé an cineál maoine is mó a bhfuil taithí ag daoine ar ná rudaí fisiciúla mar shampla   éadaigh, carrannaí, tithe nó talamh.  Ach ar an láimh eile, sí atá sa mhaoin intleachtúil ná toradh gnímh mheabhrach.  ‘Sé an luach atá ar seo ná an dúil a spreagann sí i  ndaoine eile chun í a úsáid,  nó na hearraí ar a dtugann sí cuntas ar a gcumadh'.

Tugann na dlithe náisiúnta agus idirnáisiúnta maraon leis na coinbhinsiúin aitheantas ar thoradh gnímh mheabhrach mar ‘cheart maoin’ intleachtúil’ ( CMI).  Mar sin, is féidir le duine sealúchas a fháil ar a chruthaitheacht agus ar a nuálaíocht sa dóigh chéanna is a bhéadh greim aige ar mhaoin fhisiciúil.  Tugann na córais dlí aitheantas don dóigh a dtéann scaipeadh iarrachtaí cruthaitheachta chun leas an phobail agus don bhorradh a spreagann sé chun tuilleadh gníomhaíocht chruthaitheach.  Tugann na CMI smacht dos na húdair ar thoradh a gcuid cruthaíochta ionnas go dtig leo leas a bhaint as.  Is minic nach féidir an smacht seo a chur i bhfeidhm mura mbíonn na húdair i ndiaidh iarratas a chur isteach agus na cearta maoin’ intleachtúil a bheith bronnta orthu, ach tá cosaint áirithe CM, mar shampla ‘cóipcheart’, a théann i bhfeidhm a luaithe is a bhíonn cuntas déanta i bhfoirm éigin ar a bhfuil cruthaithe.

Clúdaíonn na príomhchearta maoin’ intleachtúil dlithúla dhá réimse : (a) maoin tionscail, i dtaobh paitinní ar aireagáin, trádmharcanna, dearaí tionscail agus (b) cóipcheart.

  • Tá paitinní bainteach le aireagáin ar a bhfuil toradh teicniúil orthu – táirgí nua agus cinn leasaithe, próiséiseanna agus modhanna a mbéadh cumas déantúsaíochta ionntu. 
  • Is ag plé le hionannas branda atá na trádmharcanna – go mor mór earraí agus seirbhísí.   Tig leo bheith i bhfoirm focail éagsúla, marcanna nó gnéithe eile, a bhfuil de chuspóir ionntu ná idirdhéalú a chothú i meon an chustaiméara i dtaobh trádálaithe, tairgí nó seirbhísí difriúla.
  • Tá dearaí bainteach le dreach an táirge – bíodh sé an t-iomlán nó cuid de – gnéithe faoin cruth, comhdhéanamh, imlíne, comhdhéanamh nó ábhair an táirge féin nach bhfuil baint acu le feidhmú an táirge.
  • ‘Sé cúram an chóipchirt ná bunshaothar litríochta mar shampla, urscéalta, dánta, drámaí , saothar ceoil agus ealaíona m. sh. dréachtaí ceoil, taifeadtaí ceoil agus craobhscaoilte teilifíse agus radio, bogearraí, scannáin ilmheáineacha, líníochtaí, léarscáileanna, cairteanna, pleananna, pictiúirí, griangraifeanna, dealbhanna agus saothair ailtireachta.  Chomh maith le sin, clúdaíonn cearta cóipchirt oirfidigh i mbun a gcéird, lucht déanta taifeadáin agus craobhscaoiltóirí radio agus teilifíse.

Is fiú coinneáil i gcuimhne fosta go gclúdaíonn maoin intleachtúil réimsí bainteach le saineolas, rúin trádála, cosaint gnéithe nua plandaí srl.  Is minic gur féidir níos mó ná cineál amháin de cheart maoin intleachtúil a chur i bhfeidhm ar an aon ábhar amháin.