Thánaigh an tAcht um Shaoráil Fáisnéise (ASF) i réim ar an 21ú Aibreán 1998 agus chruthaigh sé na cearta dlíthiúla faoi leanas do lucht an phobail
- Ceart teacht ar fháisnéis orthu atá i lámha eagraisí poiblí
- Ceart leasú a chur i bhfeidhm ar aon tsonraí oifigiúla orthu atá neamhiomlán, mícheart nó seachránach.
- Ceart cúiseanna a fháil ar chinnte atá bainteach leo fhéin.
Thánaigh Acht leasaithe ( Acht um Shaoráil Fáisnéise ( leasú) 2003) i bhfeidhm ar an 11 Aibreán 2003. Ba é an cuspóir leis an leasú ná cosaint a chur ar cháipéisí bainteach le saothar an Rialtais.
Fáisnéisí atá faoi scáth na nAchtanna ASF
- Fáisnéisí bainteach le sonraí pearsanta atá i lámha Oifig na bPaitinní agus gur cuma caithin a deineadh iad.
- Gach fáisnéis eile cruthaithe ó thus réim an Achta i. 21ú Aibrean 1998
- Aon fháisnéisí breise a bhéadh riachtannach le haghaidh an t-ábhar fáisnéise a thuiscint
- Fáisnéisí pearsanta de chuid na foirne gur cruthaíodh ón 21ú Aibreán 1995 ar aghaidh agus aon chinn gur cruthaíodh roimhe sin a bhfeadfaí úsáid chun aimhleas an duine i gcruachás.
Is féidir teacht ar aon fháisnéis oifigiúil a iarraidh faoi scáth an Achta. Ach, i gcásanna áirithe beidh gá le cosc ar nochtadh fáisnéisí. Tá cur-síos in altanna 19-32 den Acht 1997 ar na eisceachtaí agus i measc na gcinn is tábhachtaí tá:-
- Annálacha Rialtais
- Fáisnéis phearsanta ( nach bhfuil bainteach leis an duine atá á héileamh).
- Fáisnéis a tugadh i modh rúin
- Feidhmiú dlí agus slándáil phoiblí
- Fáisnéis a bhéadh corrach i gcúrsaí trádála
- Díospóireachtaí de chuid eagraisí poiblí
- Feidhmeanas agus socruithe de chuid eagraisí poiblí
Cuireann an reachtaíocht, faoina bhfeidhmíonn Oifig na bPaitinní, cuid mhaith fáisnéise de chuid na hOifige ar fáil don phobal. Tá teacht ar an fháisnéis seo ar fáil faoi reachtaíocht atá ann cheana (leasmuigh de réimeas an ASF). Tá táille le n-íoch air áfach, agus mar sin luíonn sé taobh amuigh den ASF mar gheall ar a leithéid a bheith crosta faoi Alt 46(2) den Acht (ASF 1997) agus faoin Acht leasaithe 2003.
Eolas in Míreanna 15 agus 16 den Lámhleabhar ASF
Tá tuilleadh eolais ar fheidhmeannas agus cuntais Oifig na bPaitinní i míreanna 15 agus 16 de Lámhleabhar ASF FOI manual Section 15 and 16 FOI manual.pdf (0.36 MB, Adobe PDF) ar a bhfuil cur síos ar structúr an eagrais, na seirbhísí a chuirtear ar fáil agus na socruithe le haghaidh teacht ar fháisnéis agus na rialacha, treoireachaí agus na cleachtuithe atá ann chun cinnte a dhéanamh i dtaobh fáisnéis a chur ar fáil nó a dhiúltiú faoi Acht un Shaoráil Fáisnéise 1997.
| Title | Title |
|---|
Guthán | 056 7720111 |
| Seirbhís ghutháin Lo-call chuig Cill Channaigh(Ar fáil in Éirinn taobh amuigh den réimse (056) | 1890 220223 |
| Faics | 056 7720100 |
| Lo-call faics ( má tá tú taobh amuigh den réimse (056) | 1890 220120 |
Tá rátaí éagsúla de réir lucht a soláthar ar costas na nglaochanna Lo-call ( 1890) | |
Is féidir an fhoirm Iarraidh ar fháisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 1997
Agus 2003 a úsáid agus luaigh go soiléir ar go bhfuil an iarraidh faoi na hAchtanna ASF.
- Aimsigh an/na cuntais(í)/faisnéis(í) atá uait
- Luaigh an modh fála atá uait m.sh. fotochóip, diosca srl.
- Luaigh uimhir ghuthan lae le go dtiocfadh linn teacht ort dá mbéadh gá le haghaidh do iarraidh a shoiléiriú.
Beidh soláthar do dhaoine le riachtainisí speisialta má bhíonn call ar a leithéid.
Táillí
Más faisnéis neamhphearsanta atá uait caithfear táille €15 (€10 má tá cárta leighis agat) a chur led' iarraidh. Ba chóir an táille a íoch le Dréacht Bainc, Ordú Airgid, Ordú Poist nó seic tarraingthe ar bhanc i bPoblacht na hÉireann iníochta le 'Oifig na bPaitinní'.
Táillí ar Chuardach, Athfháil agus Cóipeáil
Tá táillí fosta ar an am caite ar chuardach agus athfháil cuntais a cuirfear ar fáil duit agus ar chóipeáil na gcuntas sin. Tá rátaí na dtáillí thíos. Is beag seans go mbéadh táillí i gceist más fáisnéis phearsanta atá uait.
- €20.95 ar gach uair a chloig caite ar chuardach agus athfháil
- €0.04 an leathannach ar fotochopáil
- €0.51 ar discet ríomhaire (3.5 orlach) ar a bhfuil cáipéisí cóipeáilte
- €10.16 ar CD-ROM ar a bhfuil cáipéisí cóipeáilte
- €6.35 ar radiograif (x-gathú) ar a bhfuil cáipéisí cóipeáilte
Éarlais
Caithfear éarlais a íoch má mheastar go mbéadh níos mó na €50.79 i gcostas an chuardaigh agus athfála. Ina leithéid de chás deinfear gach iarracht cuidiú leis an iarrthóir a (h)iarraidh a bhiorú ionnus méid na héarlaise a mhaolú nó chun í a sheachaint go hiomlán.
Laghduithe agus Tarscaoilte
Má bhíon an costas ar chuardach,athfháil agus cóipeáil na bhfaisnéisí níos lú ná €10 deinfear tarscaoileadh ar an táille ar fad.
Deinfear laghdú nó tarscaoileadh ar an táille nó ar an éarlais ar chuardach, athfháil agus cóipeáil na bhfáisnéisí má chuidíonn siadsan le tuiscint a fháil ar cheist a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint léi.
Tá costas ar an chuid is mó de athbhreithnuithe, bíodh siad inmheánach nó neamhspleadhach (faoin gCoimisinéir Fáisnéise), bainteach le fáil ar fháisnéis neamhphearsanta. Tá laghdú ann le haghaidh iadsan a bhfuil cárta leighis acu. Cuirfidh an t-eagras poiblí an t-eolas seo in úil duit ag an am cuí.
Nascanna Úsáideacha
Oifig an Choimisnéir Fáisnéise - http://irlgov.ie/oic/
Lárionad polasaí, An Roinn Airgeadais – http://www.foi.gov.ie
Plean Gníomhaithe um Seirbhís Custaiméara
Tá Plean Gníomhaithe Customer Service Action Plan 2010 to 2013 CUSTSER 2010-2013 (Ver 2).doc (0.22 MB, MS Word) de chuid Oifig na bPaitinní bunaithe ar an dáréag prionsabal atá leagtha amach i dtionscnamh an Rialtais le haghaidh seirbhís scothúil a chur ar fáil do chustaiméirí agus tugann an Plean Gníomhaíochta aird ar na céimeanna molta ann chun na prionsabail úd a chur i bhfeidhm.
Sí aidhm an phleain ná biseach a spreagadh ar mhodhanna inmheánacha oibre in Oifig na bPaitinní agus seirbhís níos eagraithe agus níos torthúla a chur ar fáil dos na custaiméirí inmheánacha agus seachtracha.
Deintear tomhas ag deireadh gach ráithe ar chomlíonadh gnímh in aghaidh sprice agus cuirtear an toradh i dTuairisc Bhliantúil de chuid an Cheannasaí ar Phaitinní, Dearthaí agus Trádmharcanna.