Cúlra Reachtúil agus Feidhmeanna
Tá feidhmeanna reachtúla an Cheannasaí leagtha síos in Acht na bPaitinní, 1992
, Acht na dTrádmharcanna, 1996
; Acht um Maoin Intleactúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1998
, Acht um Dearaí Tionscail, 2001
, na Rialacha Reachtúla déanta faoi na hachtanna seo agus iad siúd faoi Rialacha an Phobail Eorpach (Deimhniú Cosanta Breise), 1993
. Is faoin gCeannasaí ina chumas reachtúil a luíonn cinnithe faoi na hAchtanna, Rialacha agus Rialacháin seo, faoi réir cearta áirithe achomhairc san Árd-chúirt.
Tá na feidhmeanna reachtúla seo bainteach le deonú Paitinní agus clarú Trádmharcanna agus Dearaí chomh maith le riar agus cosaint na gcearta maoin tionscaíochta seo (tig leat tuilleadh a léamh faoi seo sa nasc faoi Maoin Intleachtúil).
Tá feidhmeanna reachtúla áirithe ag an gCeannasaí fosta faoin Acht um Chóipcheart agus Cearta Faoina Réir, 2000
. Den chuid is mó, tá na feidhmeanna seo bainteach le clárú eagraíochtaí ceadúnas cóipchirt, chomh maith le sonraí i dtaobh scéimeanna ceadúnais faoina gcúram. Tá ról aige freisin i réitiú conspóidí a bhíonn bainteach den chuid is mó le seinm taifeadáin fuaime go poiblí.
Rosc
‘Sé príomh-rosc Oifig na bPaitiní ná:-
“ Córas éifeachtach feidhmiúil ar chosaint maoin tionscail a chur ar fáil faoi réir an reachtaithe chun feabhsú teicneolaíoch a spreagadh agus fiontraíocht a chothú”
Cuirfear é seo i gcrích trí chosaint cearta maoin tionscail i réimse na bpaitinní, na dtrádmarcanna agus na ndearaí, agus trí scaipeadh an eolais chuí i leith gach ceann des na himeachtaí seo.